Skip navigation

Thuairiscigh an Phríomh-Oifig Staidrimh go raibh 183,312 teach agus arásan fholmha ann de réir Dhaonáireamh 2016. Cad é mar a tháinig an Phríomh-Oifig Staidrimh ar an bhfigiúr seo?

Thug 4,700 áiritheoir cuairt ar bhreis agus 2 mhilliún teach ar fud na hÉireann sna seachtainí thart ar oíche an daonáirimh, 24 Aibreán 2016. Is éard a bhí i gceist leis na cuairteanna seo ná teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus foirmeacha daonáirimh a bhailiú. I gcásanna áirithe, in ainneoin athchuairteanna ón áiritheoir, níor osclaíodh an doras. Sna cásanna seo rinne an t-áiritheoir meastóireacht bunaithe ar rialacha agus traenáil folúntais na Príomh-Oifige Staidrimh. Dá bhrí sin marcáladh cuid de na tithe mar thithe folmha.

Cérbh iad na rialacha a thug ar áiritheoirí cinneadh a ghlacadh go raibh na tithe folamh?

Chloígh áiritheoirí an daonáirimh leis na mion-nósanna imeachta atá forbartha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh i gcomhairle le príomh-shaineolaithe i gcaitheamh roinnt eagrán daonáirimh.  Mar chuid de na nósanna imeachta seo, chuaigh na háiritheoirí thart ag uaireanta éagsúla agus ar laethanta éagsúla den tseachtain agus iad ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le sealbhóirí tí. Mar shampla, nuair a thug áiritheoir cuairt ar theach i rith an lae ach gur theip otrhu teagmháil a dhéanamh, d’fhág siad uimhir teileafóin ar chárta cuartaíochta. I gcás na gcuairteanna a tharla ina dhiaidh sin ba ag an deireadh seachtaine agus san oíche a rinneadh iad.

Chuaigh áiritheoirí ar lorg fianaise go raibh tithe folamh ar nós litreacha agus dramhphost ag carnadh, gan soilse a bheith lasta san oíche, easpa gluaisteán i gcabhsáin, gairdíní lán lustain agus fuinneoga gan a bheith oscailte. Má chonaic siad comharthaí ar bith go raibh cónaí á dhéanamh sa teach, ní fhéadfadh siad é a thaifeadadh mar theach folamh. Sheiceáil siad le comharsana freisin maidir le tithe nach bhféadfadh siad teaghmháil a dhéanamh leo. Má dúirt comharsana go raibh daoine ina gcónaí sna tithe seo, ní fhéadfadh an t-áiritheoir iad a thaifeadadh mar thithe folmha.

Nárbh fhusa don áiritheoir teach a thaifead mar fholamh in áit dul ar ais chun teagmháil a dhéanamh?

Déanann bainisteoirí réimse na n-áiritheoirí grinnscrúdú ar an obair a dtugtar fúithi mar chuid den daonáireamh agus tá sí faoi réir mion-nósanna imeachta dearbhú cáilíochta. Tá sé seo ceaptha lena dhearbhú go ndéanann áiritheoirí taifead ar na sonraí cearta faoi gach baile ina gceantar, lena n-áirítear cé acu atá siad folamh nó a bhfuil duine ina chónaí iontu.

Íoctar na háiritheoirí bunaithe ar a rathúla agus a bhí siad agus foirmeacha comhlánaithe daonáirimh á mbailiú ón bpobal. In 2016 íocadh €3.70 le haghaidh gach foirm dhaonáirimh a bhailigh siad. Níor íocadh leo ach €1.10 le haghaidh gach teach a bhí folamh ina gceantar. Bhí 430 teach acu ar an meán ina gceantar agus mar sin comhairlíodh d’áiritheoirí go láidir cloí leis na hiarrachtaí teagmháil a dhéanamh le sealbhóirí tí.

Mar gheall ar fhigiúir eile atá feicthe agam tá cuma ar an scéal gur líon ró-ard de thithe folmha é 183,312. Cad chuige seo?

Is beartas cruinn ag pointe faoi leith é an figiúr sa daonáireamh maidir le tithe folmha, glactha ar Oíche an Daonáirimh in 2016. Thángthas ar an bhfigiúr seo trí mhion-nósanna imeachta agus sainmhínithe a úsáid a cuireadh i bhfeidhm go seasta le linn roinnt daonáireamh. Áirítear leis seo tithe a bhí folamh ar feadh tréimhse ghairid ama. Is féidir go raibh siad ar díol nó faoi réir probháide nó is féidir go raibh an t-úinéir in otharlann nó i dteach altranais. Is féidir go raibh cónaí á dhéanamh sna tithe seo arís cúpla seachtain i ndiaidh Oíche an Daonáirimh agus nach raibh siad san áireamh i gcuntais eile ar fholúntais. 

I suirbhéanna eile ar scála beag agus a raibh tuairisc orthu sna meáin d’fhéadfaí go raibh nósanna imeachta agus sainmhínithe difriúla ag baint leo agus dá bhrí sin go mbeadh líon difriúil de thithe folmha acu dá bharr. Is féidir freisin go raibh na suirbhéanna seo déanta am éigin i ndiaidh Dhaonáireamh 2016 agus nach mbeadh siad inchomparáide go díreach.

An bhfuil a fhios agat an fáth a raibh na tithe folamh?

Tá figiúir nua curtha amach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina bhfuil léargas ar na fáthanna a raibh cuid de na 183,312 teach folamh ar Oíche an Daonáirimh.  Cé nach bhfuil léargas iomlan againn, thugamar faoi deara go raibh go leor de na tithe a taifeadadh mar fholamh ar díol, gur thithe ar cíos ba ea iad, a raibh an t-úinéir marbh nó a bhí a athchóiriú. Is féidir go raibh cónaí á dhéanamh i gcuid acu seo cúpla seachtain i ndiaidh don Daonáireamh a bheith críochnaithe. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag pleanáil go gcuirfear níos mó eolais den chineál seo amach faoi thithe folmha le haghaidh Dhaonáireamh 2021. 

Is féidir mar sin go raibh cuid de na tithe folamh ar feadh tréimhse gairid. An bhfuil figiúir ann le haghaidh tithe atá folamh go fadtéarmach a d’fhéadfaí a úsáid chun tithíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu?

Tá níos mó torthaí curtha amach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina ndéantar comparáid idir na tithe a bhí folamh i nDaonáireamh 2011 agus i nDaonáireamh 2016. Thit líon na dtithe folmha ó 230,056 in 2011 go 183,312 in 2016.

Is spéisiúil a thabhairt faoi deara nach raibh ach 65,039 de na tithe a bhí folamh in 2011 go fóill folamh in 2016. Is féidir gur táscaire úsáideach é seo de líon na dtithe a bhí ina luí folamh ar feadh tréimhse fhada ama. Bhí breis agus 105,000 teach a bhí folamh in 2011 ach a raibh cónaí iontu in 2016.

An ndearna tú cuntas ró-íseal ar an daonra?

Bhí ar gach duine a bhí in Éirinn ar Oíche an Daonáirimh foirm dhaonáirimh a chomhlíonadh de réir an dlí. Áiríodh leis seo daoine a bhí as baile ach in áit éigin eile in Éirinn an oíche sin. Bhí ar dhaoine a bhí i dtithe daoine eile, i dtithe lóistín, in óstáin, i bpríosúin nó in otharlanna ar Oíche an Daonáirimh a gcuid sonraí a chomhlíonadh ar an bhfoirm dhaonáirimh ag na láithreacha sin.

Mar gheall ar na cúiseanna luaite thuas tá an Phríomh-Oifig Staidrimh muiníneach go bhfuil líon na dtithe folmha a áiríodh sa daonáireamh cruinn agus nár chuir sé go córasach le cuntas ró-íseal ar an daonáireamh. Tá dianseasmhacht agus tiomantas ár n-áiritheoirí riachtanach lena chinntiú go ndéantar taifead ar fhoirm dhaonáirimh ar gach teachatá in Éirinn ar Oíche an Daonáirimh.

Ar chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil liosta na dtithe folmha de réir an daonáirimh do rannóg ar bith eile de chuid an rialtais?

Níor chuir. Tá cosc ar an bPríomh-Oifig Staidrimh eolas ar bith faoi dhaoine aonair ná faoi bhailte a chur ar fáil d’eagraíocht ar bith eile, is cuma más eagraíocht rialtais nó eile atá i gceist. Bainimid úsaid as an eolas a bhailíonn muid chun críocha staidrimh amháin.

Cén áit ar féidir liom teacht ar thuilleadh eolais faoin gcuntas ar fholúntais sa daonáireamh?

Tá foilseachán mionsonraithe a cuireadh amach in Aibreán 2017 ar fáil - Daonáireamh 2016 Próifíl 1 – Tithíocht in Éirinn.

Ina theannta sin, chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh mioneolas amach ar thithe folmha agus tá sé an-úsáideach chun tuiscint a fháil ar an gcúis a bhféadfaí folúntas a bheith ard in áiteanna áirithe sa chontae - Daonáireamh 2016 - Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS).

Bheimis toilteanach treoir a thabhairt faoin dóigh leis an eolas seo a thuiscint. Déan teagmháil linn ag census@cso.ie nó (+353) 1 895 1300.

Tá léarscáilíocht théamach mhionsonraithe curtha amach ag AIRO (an tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann) ag an nasc thíos bunaithe ar shonraí faoi thithe folmha de réir Dhaonáireamh 2016.

http://airomaps.nuim.ie/id/Census_2016/P1_Housing/