Skip navigation

Maidir leis na foirmeacha

Rinneadh na foirmeacha ar fad ó Dhaonáirimh 2002 agus 2006 a dhearadh ar bhealach a bheadh feiliúnach le scanáil. Ar an bpríomh fhoirm theaghlaigh is féidir tuairisc a thabhairt ar suas le seisear atá i láthair sa teaghlach Oíche an Daoníirimh. Lorgaáonn an fhoirm theaghlaigh freisin eolas teoranta maidir leis na daoine atá as láthair go sealadach ón teaghlach Oíche an Daonáirimh. Cuireadh Foirm Liostaithe ar fáil d'áitribh chomhchoiteanna. Tá gach duine i láthair san áitreabh comhchoiteann Oíche an Daonáirimh liostaithe ar an bhfoirm agus tugtar foirm phearsan aonair do gach duine acu le comhlánú.

Foirmeacha Daonáirimh 2006

Tá fáil anseo ar chóip samplach de fhoirm dhaonáirimh 2006-leagan Béarla (PDF 655KB)

Tá fáil freisin ar chóip samplach de fhoirm dhaonáirimh 2006-leagan Gaeilge (PDF 592KB)

I gcomhair leis an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh cuireadh Treoir Céim ar Chéim maidir le Comhlánú Foirm Dhaonáirimh 2006 (as Béarla) le chéile. Treoir úsáideach a bhí inti le cúnamh a thabhairt d'aon duine nach raibh cleacthadh aige/aici ar fhoirmeacha a chomhlánú.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bhfáth gur cuireadh ceist faoi leith agus an t-eolas a chur an cheist sin ar fáil breathnaigh ar - Mionscrúdú ar Cheisteanna Daonáirimh. ( as Béarla)

I gcomhair le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (NCBI), cuireadh na leaganacha seo a leanas de fhoirm Dhaonáirimh 2006 ar fáil freisin:

Leagan i gCló Mór (PDF 173KB)as Béarla

Tá Closleagan ar fáil le híoslódáil anseo i bhfoirm MP3 (MP3 19MB) (MP3 19,644KB) as Béarla

Bhí leaganacha i gcló bhraille, ar chaiséad agus ar dhlúthdiosca de na foirmeacha daonáirimh ar fáil ar iarratas ó áiritheoirí daonáirimh agus ón bPOS.

Chomh maith, cuireadh príomhthéacs na foirme teaghlaigh ar fáil sna teangacha seo a leanas:

Araibis (PDF 2.5MB) Seicis (PDF 358KB) Sínis (PDF 352KB)
Fraincis (PDF 267KB) Laitvis (PDF 344KB) Liotuáinis (PDF 316KB)

Polainnis (PDF 263KB)

Portaingéilis (PDF 268KB) Rómáinis (PDF 349KB)
Rúisis (PDF 367KB) Spáinnis (PDF 282KB)  

Tá tuilleadh eolais sna teangacha thuas chomh maith le san Eastóinis, Ungáiris, Slóvaicis, Tuircis agus san Iarúibis ar fáil ar ár leathanach Teangacha Iasachta.

Foirmeacha Daonáirimh 2002

Tá fáil anseo ar chóip samplach de fhoirm dhaonáirimh 2002-leagan Béarla. (PDF 520KB)

Tá fáil freisin ar chóip samplach de fhoirm dhaonáirimh 2002-leagan Gaeilge. (PDF 515KB)