Bliainiris Staidrimh Éireann 2007
Tá Bliainiris Staidrimh Éireann 2007 á foilsiú inniu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS). Tugann an Bhliainiris léargas cuimsitheach dúinn ar Éirinn an lae inniu. Cuireann sí mioneolas, táblaí agus graif a bhaineann le réimse leathan topaicí ar fáil lena n-áirítear an daonra, an lucht oibre, oideachas, coiriúlacht, an eacnamaíocht, talmhaíocht, tionsclaíocht, seirbhísí, praghsanna, tithíocht, an geilleagar eolasbhunaithe agus an comhshaol.
Daoine
- Áiríodh 4,239,848 duine ar oíche an daonáirimh 23 Aibreán 2006, i gcomparáid le 3,917,203 in Aibreán 2002. Méadú 8.2% i gceithre bliana.
- Tá an ráta báis ag titim i gcónaí. Bá é líon na mbásanna as gach míle i 2006 6.5.
- Ba iad Séan agus Sarah na hainmneacha ba mhó dar tugadh ar leanaí.
- I 2005, bhí beagnach 19% den daonra i mbaol bochtanais agus measadh go raibh fadhb leanúnach bhochtanais ag 7%.
Obair
- Ó 1986 go dtí 2006 mhéadaigh líon na ndaoine atá fostaithe ó beagnach 1.1 milliún go dtí níos mó ná 2 mhilliún.
- Sa tréimshe chéanna, thit líon na ndaoine dífhostaithe ó 225,500 go 91,400.
- I 2006 cailleadh níos mó ná 7,352 lá de bharr 10 n-aighneas thionsclaíocha.
Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta Teaghlaigh
- Ba é 55% an ráta clúdaigh pinsin do gach duine idir 20 agus 69 a bhí fostaithe sa cheathrú ráithe de 2005. Lean oibrithe fear (58.3%) le ráta clúdaigh pinsin níos airde a bheith acu ná oibrithe ban (50.6%).
- Dúirt siad siúd a raibh cuntas SSIA acu go gcaithfidís díreach faoi bhun trian dá gcuid airgid SSIA ar earraí tomhaltóra deisithe tí, saoire thar lear, gluaisteáin agus nithe eile.
- Do gach teaghlach ba é an meánchostas a bhí ar chúram páistísa chéad ráithe de 2005 beagán sa bhreis ar €120 in aghaidh na seachtaine.
- Tuairiscigh nach mór 1.3 teaghlach (88.7%) go ndearna siad athchúrsáil ar roinnt dá gcuid dramhaíola sa tríú ráithe de 2005.
Oideachas
- I 2006, bhí cáilíocht tríú leibhéal ag beagnach ceathrú dóibh siúd a bhí idir 15 agus 64.
- Mná ab ea 60% d'iontrálaithe nua in institiúidí ÚAO agus mná ab ea 54% de na hiontrálaithe nua in gach institiúid tríú leibhéal i 2005/2006.
- Ag aois 19, bhí 62% de mhná agus 45% d'fhir in oideachas lánaimseartha i 2005/2006.
Coiriúlacht
- Bhí 103,924 cion ar na ceannlínte i 2006, suas ó 102,258 i 2005.
- Rugadh ar 17,868 ag ól agus ag tiomáint i 2006. Sheas seo d'ardú beagnach 34% ar fhigiúirí 2005.
- Bhí 14.6% de theaghlaigh ina n-íospartaigh choiriúlachta i gceantair uirbeacha i gcomparáid le 6.3% de theaghlaigh i gceantair thuaithe.
Eacnamaíocht
- Mar chéatadán de OTI thit an Fiachas Náisiúnta ó 87.7% i 1990 go dtí 20.4% i 2005.
- Méadaíodh iasachtaí faoi níos mó ná trí ó insititúidí creidmheasa don earnáil phearsanta (teaghlaigh,phríobháideacha) ó €39 billiún i 2000 go dtí €134 billiún i 2006.
- Bhí barrachas €5,031 milliún i 2006 i gcomparáid le barrachas €1,627 milliún i 2005 i gComhardú RialtaismGhinearálta.
Turasóireacht/Iompar
- Tháinig méadú níos mó ná 10% ar chuairteanna iasachta ar Éirinn ó 2005 agus méadú 12% ar chuairteannna na nÉireannach ar thíortha thar lear.
- Tá méadú 2% ar thurais intíre ag na hÉireannnaigh 2005 ar lean méadú 20% ar chaiteachas dá bharr.
- Tháinig méadú 4.2% ar na gluaisteáin nua phríobháideacha a ceadúnaíodh den chéad uair i 2006 i gcomparáid le 2005.
- I 2005 cuireadh 137,500 triail tiomána ar siúl, agus d'éirigh 54% díobh seo pas a fháil.
Tithíocht
- Tháinig méadú faoi dhó, nó níos mó, ar luach aschur iomlán na tógála ar phraghsanna reatha idir 2000 agus 2006.
- Ba é an meánphraghas ar thithe nua ar ceadaíodh iasachtaí dóibh i 2006 ná €305,637 don Stát agus €405,957 i mBaile Átha Cliath.
- Tháinig laghdú 19% ar na hiarratais ar chead pleanála a ceadaíodh ó 2000 go dtí 2006. Sa tréimhse chéanna, tháinig méadú 8% ar iarratais ar chead pleanála a ceadaíodh le haghaidh árasán nua.
- An grúpa úinéireachta is tapúla dá bhfuil ag fás ná teaghlaigh don duine aonair, suas 51,877 nó 18.7% ó 2002.
Geilleagar Eolasbhunaithe
- Bhí beagnach a leath (48.7%) de theaghlaigh na hÉireann ceangailte leis an idirlíon le ríomhairí baile i mí Feabhra 2006. Ní raibh an ceangal leathanbhanda ach ag 13% díobh.
- Bhí 103 guthán póca do gach 100 duine sa tír sa dara ráithe de 2006.
Is mian leis a POS a buíochas a ghabháil leis na Roinn, na gníomhaireachtaí, agus leis na daoine a thug na sonraí don Bhliainiris, lena n-áirítear iad siúd i dTuaisceart na hÉireann a chuir ábhar don Aguisín ar fáil.
Tá téacs iomlán na Bliainirise Staidrimh ar fáil saor in aisce ar shuíomh idirlín an POS ag:
http://www.cso.ie/releasespublications/statistical_yearbook_ireland_2007.htm
Is féidir Bliainiris 2007 a fháil ó:
An Phríomh-Oifig Staidrimh, An Rannóg Eolais, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh
Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, Baile Atha Cliath 2
Nó ó aon díoltóir leabhar
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Eamonn Dorney (021 - 4535036) Facs 021 4535555 r-phost:
information@cso.ie
- CRÍOCH -