Skip navigation

4,857,000 ab ea daonra measta an Stáit in 2018, le líon 68,500 níos mó mná na fir

  • In 2016, rugadh cúpla do 1,189 máthair, tríríní do 24 máthair agus ceathrairíní do 2 máthair
  • Bhí 189,147 duine in oideachas tríú leibhéal sa bhliain acadúil 2016/2017 i gcomparáid le 20,698 duine siar in 1965/1966
  • I Ráithe 2 2018, bhí beagnach 12% de leanaí 0-17 mbliana d'aois ina gcónaí i líonta tí gan duine fostaithe
  • Bhí €74.8 billiún amach ar iasachtaí ceannaithe tí in 2017, méadú 1.8% nó €1.3 billiún ar 2016
  • Bhí 62% de dhaoine róthrom nó murtallach in 2017

 
I bhFíricí agus Figiúirí na hÉireann 2018, tugtar achoimre cuimsitheach inléite ar staid na hÉireann sa lá inniu bunaithe ar shonraí a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh le linn na bliana 2018.

Tá an t-eolas a thugtar ann léirithe le grafaicí faisnéise, táblaí agus graif mhionsonraithe agus ildaite.

Is féidir teacht ar an bhfoilseachán seo i bhformáid PDF as ar féidir le húsáideoirí é a chló.

 
Fíricí agus Figiúirí na hÉireann 2018 (PDF 1,984KB)