Skip navigation

10 Iúil 2019

Dáta agus Ceisteanna do Dhaonáireamh 2021 ceadaithe ag an Rialtas

  • An chéad daonáireamh eile le reáchtáil Dé Domhnaigh an 18 Aibreán 2021
  • Ocht gceist nua le cur, maidir le fuinneamh in-athnuaite, caitheamh tobac, obair dheonach agus cúram leanaí
  • Nuashonrú ar go leor ceisteanna eile, lena n-áirítear cinn faoin nGaeilge, creideamh, míchumas agus grúpa eitneach
  • 'Taisceadán Todhchaí' roghnach le cur leis an bhfoirm ionas gur féidir le daoine teachtaireacht faoi rún dá rogha a scríobh
  • Tá áthas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a fhógairt go bhfuil cinneadh glactha ag an Rialtas an chéad daonáireamh eile a reáchtáil Dé Domhnaigh an 18 Aibreán 2021. Tá a chead tugtha ag an gComh-Aireacht chomh maith do na ceisteanna a chuirfear ar an bhfoirm daonáirimh.

    Idir Deireadh Fómhair agus Samhain 2017, reáchtáil an CSO comhairliúchán poiblí chun glacadh le haighneachtaí maidir le hábhar na foirme daonáirimh don bhliain 2021. Chuir idir baill an phobail, grúpaí sainspéise, ranna rialtais, údaráis áitiúla agus eagrais eile poiblí, mar aon leis an lucht taighde agus an lucht léinn, breis is 400 aighneacht faoi bhráid na hOifige. I measc ábhar na n-aighneachtaí sin bhí moltaí maidir le ceisteanna nua agus athruithe ar cheisteanna in úsáid cheana ar an bhfoirm.

    Phléigh an Grúpa Comhairleach Daonáirimh (féach nóta d’eagarthóirí thíos) na haighneachtaí agus ina dhiaidh sin chinn siad na ceisteanna ar chóir a thriail sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh. Reáchtáladh an Suirbhé Píolótach i mí Mheán Fómhair 2018 i 35 Cheantar Áirimh scaipthe thar 7 gcontae. Roghnaíodh na ceantair seo le bheith ionadaíoch ar an daonra náisiúnta, agus ghlac breis is 10,000 líon tí páirt sa Suirbhé.

    I ndiaidh dóibh torthaí an tSuirbhé Phíolótaigh a chíorach, mhol an Grúpa Comhairleach Daonáirimh go dtabharfaí isteach 8 gceist nua do Dhaonáireamh 2021. Díreoidh na ceisteanna nua ar fhoinsí fuinneamh in-athnuaite, rochtain idirlín agus gairis ríomhaireachta, aláraim dheataigh, caitheamh tobac, obair ón mbaile, obair dheonach, cúram leanaí agus taisteal abhaile ón obair, scoil nó coláiste. Aontaíodh athruithe ar 25 cheist reatha lena n-áirítear cinn faoin nGaeilge, míchumas, grúpa eitneach, agus creideamh.

    Anuas ar na hathruithe sin, beidh Taisceadán Todhchaí curtha leis an bhfoirm den chéad uair in 2021. Beidh baill den phobal in ann teachtaireacht dá dtoil féin agus dá rogha féin a bhreacadh síos ar an bhfoirm, faoi rún, agus rachaidh seo i dtaisce ar feadh tréimhse 100 bliain.

    Agus é ag tagairt don chomhairliúchán agus don Suirbhé Píolótach, dúirt Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach: “Le fógra an lae inniu, tagann deireadh le tréimhse oibre a thosaigh beagnach dhá bhliain ó shin leis an gcomhairliúchán poiblí. Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leo siúd go léir a chuir aighneachtaí isteach, agus le baill an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh as a gcuid am agus oibre a thabhairt don tionscadal. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith leis na millte daoine a ghlac páirt sa Suirbhé Píolótach agus na baill foirne a d’oibrigh air anuraidh. Ba chúnamh an-mhór a dtacaíocht agus a gcuid iarrachtaí chun foirm daonáirimh ina bhfuil go leor athruithe a chur i dtoll a chéile. Mar thoradh air seo beidh foinse luachmhar faisnéise maidir lenár sochaí agus lenár ngeilleagar, agus réimsí agus ábhair thábhachtacha úra, amhail fuinneamh in-athnuaite, caitheamh tobac agus obair ón mbaile.

    Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi luach na faisnéise staitistiúil a eascraíonn ón daonáireamh. Leis an bhfaisnéis seo, stiúrtar beartais, dírítear seirbhísí ar na háiteanna ina bhfuil gá leo agus cuirtear bonn eolais faoinár gcinntí i dtréimhse athraitheach don tsochaí. Tá gné idirnáisiúnta ag baint leis an gcéad daonáireamh eile toisc go mbeidh ar gach ballstát eile den Aontas Eorpach daonáireamh a reáchtáil sa bhliain 2021 chomh maith. Agus níos lú ná dhá bhliain sula ritear an daonáireamh, táthar ag réiteach cheana féin dó agus is mór an dul chun cinn é dáta agus ceisteanna Dhaonáireamh 2021 a bheith ceadaithe ag an rialtas.

    Nótaí d'Eagarthóirí:
    • I measc baill an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh bhí ionadaithe ó ranna rialtais agus údaráis áitiúla, na comhpháirtithe sóisialta, ollscoileanna agus institiúidí taighde, grúpaí sainspéise agus eagrais eile iomchuí, mar aon le pearsanra ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
    • Ní dhearna aon comhairliúchán poiblí nó aon suirbhé píolótach roimh an daonáireamh in 2016, mar sin is iad na hathruithe atá aontaithe anois na chéad athruithe suntasacha ar an bhfoirm daonáireamh ó bhí 2011 ann. [Tabhair aird go ndearna roinnt athruithe ar an bhfoirm i 2016 – féach tuilleadh sonraí anseo]
    • Tá breis eolais maidir leis an gcomhairliúchán poiblí agus tuarascáil cuimsitheach faoin Suirbhé Píolótach ar fáil ar leathanach an Comhairliúchán 2021 anseo.

     

    Tabhair aird: Rinneadh leasú ar an bpreasráiteas seo chun nasc don tuarascáil a chur ar fáil ar lá a fhoilsithe i mBéarla, an 17 Iúil 2019

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Cormac Halpin (+353) 1 895 1343

    nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

    -- CRÍOCH --