Skip navigation

14 Meitheamh 2018

Críochnú Aonad Cónaithe Nua - Ráithe 1 2018

Críochnaíodh 3,526 aonad cónaithe nua in R1 2018
  • 14,446 aonad cónaithe nua san iomlán a chríochnaíodh in 2017, méadú 45.7% bliain ar bhliain
  • Thit líon na n-aonad cónaithe nua ó 6,994 aonad sa bhliain 2011 go 4,575 aonad in 2013, an pointe ab ísle
  • Céim thábhachtach atá sa tuairisc chun staitisticí iontaofa a sholáthar maidir le críochnú tithíochta, ach beidh gá tuilleadh teagmhála a dhéanamh le páirtithe leasmhara

Breathnaigh ar an eisiúint: Críochnú Aonad Cónaithe Nua R1 2018

Tá tuairisc úr, Críochnú Aonad Cónaithe Nua Ráithe 1 2018, foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (14 Meitheamh 2018). Is é seo an chéad eagrán i sraith staidrimh ráithiúil ina chuimsítear sonraí ar aonaid chónaithe nua a tógadh in Éirinn ón mbliain 2011 i leith.

Léirítear i dtuairisc an lae inniu gur tháinig meath ar líon na n-aonad cónaithe nua a tógadh, síos ó 6,994 aonad sa bhliain 2011 go 4,575 aonad ag an bpointe ab ísle in 2013. Le ceithre bliana anuas, áfach, tá méadú leanúnach tagtha ar líon na n-aonad cónaithe nua; líon 14,446 aonad a bhí ann in 2017, méadú 45.7% bliain ar bhliain. Sa chéad ráithe de 2018, críochnaíodh 3,526 aonad cónaithe nua.

Ag trácht ar thuairisc an lae inniu, dúirt Kieran Culhane, Staitisteoir Sinsearach: “Tá go leor cainte tar éis a bheith ann maidir le hiontaofacht sonraí a úsáidtear chun líon na n-aonad cónaithe nuachríochnaithe in Éirinn a anailísiú. Is í an phríomhfhadhb ná nach bhfuil foinse aonair údarásach ann. Na tacair sonraí riaracháin atá ann, tá siad scoilte agus meastar líon aonad ró-ard nó ró-íseal leo i gcomparáid leis an bhfíorleibhéal críochnaithe aonad cónaithe nua in aon tréimhse tagartha. Dá bharr sin, tógtha ceann ar cheann, ní féidir áireamh cruinn a fháil as na foinsí ar an líon aonad nua.

Don chéad uair riamh, táthar tar éis na tacair sonraí is fearr ó thaobh tithíochta de a bhailiú agus a nascadh lena chéile trí mhodhanna úra nuálacha den anailísiú sonraí chun teacht ar an áireamh is cuimsithí agus is cruinne ar chríochnú aonad cónaithe nua. Tá teorainn leis na sonraí go fóill, ach tá siad seo aimsithe ag an CSO agus tá sí ag obair le príomhpháirtithe leasmhara chun iad seo a mhionchoigeartú agus a fheabhsú a thuilleadh go mbeidh anailís níos cruinne ann amach anseo.

Roimh fhoilsiú na tuairisce seo, bhí fáil ar réimse tacar sonraí éagsúla maidir le críochnú aonad cónaithe nua. Bhaineadh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil leas as tacar sonraí ESB Networks (ESBN) ar cheangail cónaithe leictreachais chun táscaire ionadaíoch a fhoilsiú ar líon na n-aonad cónaithe nua a tógadh.

Glactar leis anois go ndearnadh rómheastachán leis an tacar sonraí seo ann féin ar an méid tógála tithíochta toisc go raibh ceangail san áireamh ann nár bhain le haonaid chónaithe nua. I gcás figiúirí a thiomsaigh eagrais eile bunaithe ar thacair sonraí na Rátálacha Fuinnimh Foirgneamh (BER), aithnítear go ndearnadh meastachán ró-íseal ar áireamh na n-aonad nua toisc nach dtugtar BER ar roinnt tithe aonuaire féintógtha.

Faoi choimirce an Acht Staidrimh, 1993, tá sé de chumhacht shainiúil ag an CSO foinsí sonraí riaracháin scoilte a bhailiú agus a nascadh agus an luach staitistiúil atá leo a chíoradh. Leis an tuairisc seo a chur i dtoll a chéile, rinne an CSO nascadh idir sonraí ESBN ar cheangail cónaithe leictreachais, tacair sonraí BER, tacair sonraí ó na Coimisinéirí Ioncaim, sonraí Geodirectory agus sonraí Daonáirimh. Bhí gá le coigeartú breise chun ceangail leictreachais ESBN a eisiamh i gcás aonaid cónaithe folmha a chríochnaíodh roimhe, suite i Scáileastáit/Eastáit neamhchríochnaithe.

Inár gcuid anailís, fuarthas amach gurb é tacar sonraí na gceangal ESBN an foinse is cuimsithí a bhfuil ann go fóill chun meastachán a dhéanamh ar chríochnú aonad cónaithe nua. Léiríonn sraith staidrimh an CSO ar Chríochnú Aonad Cónaithe Nua don bhliain 2017, áfach, go raibh 14,446 aonad nua ann, líon 4,825 ní ba lú ná áireamh na gceangal ESBN a d’fhoilsigh an Roinn. Athcheangail a bhí in 57% den difríocht, aonaid a críochnaíodh roimhe i bhforbairtí neamhchríochnaithe tithíochta a bhí in 23% agus ceangail neamhchónaithe a bhí in 20%. Foilseofar an miondealú seo sa tuairisc ráithiúil ionas gur féidir anailís a dhéanamh ar an méid aonad a bhíodar agus atáthar ag cur ar fáil le húsáid.

É sin ráite, ní mór a aithint nach gclúdaítear réimse iomlán gníomhaíochtaí na hearnála tithíochta i sonraí an CSO ar Chríochnú Aonad Cónaithe Nua. Tá leibhéal suntasach d’aschur tógála i bhfo-earnáil na cóiríochta mac léinn le blianta beaga anuas nach gclúdaítear sa tsraith staidrimh seo. Rangaítear ceangail leictreachais ESBN do na foirgnimh seo mar ceangail tráchtála, mar sin ní áirítear iad sa tacar sonraí do cheangail cónaithe ESBN. Réitítear sonraí don fho-earnáil de réir “líon na leapacha” agus ní féidir tuairisciú faoi láthair uirthi de réir líon na n-aonad cónaithe, a sainítear mar aonaid ghlanscartha cóiríochta. Ag brath ar chomhchainteanna le páirtithe leasmhara san fho-earnáil seo, d’fhéadfaí cóiríocht mac léinn a chur le tuairiscí ar Críochnú Aonad Cónaithe Nua amach anseo mar chatagóir ar leith.

Tá a dícheall déanta ag an CSO na tacair sonraí éagsúla a úsáideadh don tuairisc seo a mheaitseáil go cruinn. É sin ráite, feictear don CSO gur féidir caighdeán na mbunsonraí san earnáil tithíochta a fheabhsú, ach na moltaí a leanas a chur i bhfeidhm:

  1. Éirchóid a sannadh níos luaithe chun nascadh tacair sonraí tithíochta a éascú ó chéim na pleanála go dtí an chéim bogadh isteach. Faoi láthair, is minic a sanntar Éirchód i ndiaidh críochnú an aonaid chónaithe.
  2. Éirchóid a bhailiú agus a stóráil do gach tacar sonraí a luaitear sa tuairisc seo agus i mbailiúcháin sonraí tithíochta eile amach anseo, agus aird ar leith a thabhairt ar mhodhanna bailithe éifeachtúla do sheolta neamh-uathúla
  3. Machnamh a dhéanamh ar na bealaí inar féidir comhlíonadh riachtanais BER a neartú.
  4. Comhchainteanna le húsáideoirí staitisticí a choinneáil ag dul trí Ghrúpa Anailísiú Tithíochta na Roinne agus trí ghrúpaí eile ábhartha. Is í an chéad cheist a dhíreofar uirthi ná cóiríocht mac léinn, ach bheadh réimse ábhar bainteach le beartas tithíochta le plé.

Dúirt Kieran Culhane ar deireadh: “Leis na bearta atá á moladh againn inniu, feabhsófaí inrochtaineacht sonraí do lucht beartais in earnáil tithíochta na hÉireann. Céim thábhachtach atá i dtuairisc an lae inniu chun tuiscint níos fairsinge a bhaint amach bunaithe ar leibhéal agus caighdeán na sonraí atá againn faoi láthair. Beidh gá le tuilleadh teagmhála idir an CSO agus na príomhpháirtithe leasmhara chun forbairtí amach anseo a chomhaontú ina thaobh sin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Kieran Culhan (+353) 1 498 4364 nó Laura Flannelly (+353) 1 498 4230

nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie

-- CRÍOCH --