Skip navigation

27 Meitheamh 2018

Coireacht Thaifeadta Ráithe 1 2018 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Méaduithe i mórán grúpaí coireachta sa bhliain go R1 2018
  • An méadú is mó le feiceáil i gcionta calaoise agus robála, ar 15.9% an ceann
  • Staitisticí Coireachta Taifeadta fós á fhoilsiú faoin gcatagóir Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Breathnaigh ar an eisiúint: Coireacht Thaifeadta Ráithe 1 2018 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas [EN]

 
Tá na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Meitheamh 2018).

Is é Coireacht Thaifeadta R1 2018 an dara eisiúint ráithiúil atá tagtha amach ó ghlacadh an cinneadh chun foilsiú na staitisticí coireachta a atosú faoin gcatagóir Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas. Tugadh isteach an catagóir úr seo chun a léiriú go mbaineann saincheisteanna cáilíochta leis na sonraí bunaidh ó thacar sonraí an Gharda Síochána, PULSE, agus chun úsáideoirí a chur ar an eolas gur féidir a bheith ag súil le athbhreithnithe de réir mar a réitítear na heasnaimh i gcáilíocht na sonraí.

Léirítear i dtorthaí an lae inniu gur tháinig méadú ar an líon cionta taifeadta i móraimh na ngrúpaí coireachta sa bhliain go R1 2018. Chonacthas na méaduithe bliantúla ba mhó sna grúpaí coireachta Calaois agus Robáil, le 15.9% araon sa dá ghrúpa. Tháinig ísliú 17.2% ar líon na ndúnbhásaithe taifeadta sa tréimhse chéanna.

Ag tagairt do na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí seo, dúirt Sam Scriven, Staitisteoir:

“I mí Márta, chuir an CSO tús in athuair le foilsiú na staitisticí Coireachta Taifeadta – staitisticí atá bunaithe ar thaifid an nGarda Síochána ar chionta coireachta – faoin gcatagóir nua Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas. Rinneadh é seo chun an tomhas is fearr gur féidir a chur ar fáil maidir le coireacht garda-thaifeadta in Éirinn agus, ag an am céanna, chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na hábhair buairimh atá ag an oifig go fóill maidir le cáilíocht na sonraí bunaidh.

Coinneofar le staitisticí Coireachta Taifeadta a chatagóiriú mar Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas go dtí go gcinnfidh an CSO chaighdeán sásúil cruinnis agus críochnúlachta a bheith ag na sonraí bunaidh.

Tá an CSO ag oibriú leis an nGarda Síochána chun na critéir chuí a shainaithint le gur féidir deireadh a chur leis an bhforchoimeádas. Ní bhainfidh na critéir le sonraí dúnbhasaithe amháin, ina ionad sin tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna cáilíochta i réimse leathan gnéithe den phróiseas taifeadta agus den aicmiú coireachta.”


Eolas cúlra:
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Sam Scriven (+353) 21 453 5276 nó Olive Loughnane (+353) 21 453 5281

nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie

-- CRÍOCH --