Skip navigation

20 Iúil 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016 - Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS)

 

 

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) inniu (an 20 Iúil 2017), sraith sonraí ar an leibhéal is mine de thorthaí ó Dhaonáireamh 2016.

Seo mar a thagair an Staitisteoir Sinsearach Deirdre Cullen don sraith: “In eisiúint an lae inniu, Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga Dhaonáireamh 2016, léirítear torthaí daonáirimh de réir 11 chineál éagsúla limistéir thíreolaigh. Ina measc siúd, tá na Limistéir Pleanála Teanga, Contaetha, Toghranna, agus Ceantair Bheaga. Bíonn thart ar 50-150 líon tí i ngach ceann den 18,641 Ceantar Beag. Is mór an léargas ar an leibhéal is mine a thugtar sa chineál limistéir seo ar chúinsí sóisialta agus eacnamaíocha i ngach ceantar agus pobal timpeall na hÉireann mar a bhí in Aibreán 2016.

Tá 45 tábla ann i ngach cuntas SAPS, iad rangaithe i 15 téama, m.sh. inscne, aois agus stádas pósta; aonaid chlainne; tithíocht; oideachas; agus slite beatha. Le SAPMAP, an uirlis léarscáilithe idirghníomhach, is féidir le duine teacht ar tuilleadh sonraí faoin áit a bhfuil suim acu ann trí seoladh a chuardach nó trí gliogáil ar láthair ar an léarscáil. Ar an gcaoi seo, is féidir teacht ar an tacar iomlán staitisticí daonáirimh faoin áit. Tá fáil ar na sonraí seo i bhformáid PDF nó Excel chomh maith. Is féidir teacht ar threoracha faoi úsáid SAPMAP i roghchlár na huirlise ach í a lainseáil.

Dúirt Ms. Cullen ar deireadh: “Is féidir le héinne teacht ar mhionsonraí faoina cheantar nó faoina ceantar féin; líon na ndaoine ina gcónaí ann, an miondealú aoise, na teangacha a labhraítear ann agus mar sin de. Tá an t-eolas seo go léir le fáil go réidh ar ár suíomh gréasáin (www.cso.ie/en/baile), agus mholfainn do dhaoine cuairt a thabhairt air chun breathnú ar na torthaí go léir dá gceantair féin.”

Tá teacht ar Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga Dhaonáireamh 2016 ar Census 2016 Small Area Population Statistics (EN)

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Tugtar torthaí sna chuntais Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) do Dhaonáireamh 2016 ar gach ceann de 15 théama, mar atá –

Téama 1:

Inscne, aois agus stádas pósta

Téama 2:

Imirce, eitneachas, creideamh agus teangacha iasachta

Téama 3:

Labhairt na Gaeilge

Téama 4:

Aonaid clainne / Teaghlaigh

Téama 5:

Líonta Tí

Téama 6:

Tithíocht

Téama 7:

Áitribh chomhchoiteanna

Téama 8:

Príomhstádas eacnamaíoch

Téama 9:

Aicme shóisialta agus grúpa socheacnamaíoch

Téama 10:

Oideachas

Téama 11:

Comaitéireacht

Téama 12:

Míchumas, cúramóirí agus sláinte ghinearálta

Téama 13:

Slite beatha

Téama 14:

Tionsclaíocht

Téama 15:

Fáil ar ghluaisteán, ríomhairí agus rochtain ar an idirlín

 

  • Tá fáil ar chuntais SAPS ó Dhaonáireamh 2016 i leith 11 chineál limistéir thíreolaigh, sin iad –

   Dáilcheantair (40)

   Toghranna (3,409)

   Ceantair Ghaeltachta, de réir chontae (7)

   Limistéir Pleanála Teanga (26)

   Contaetha Riaracháin (31)

   Toghlimistéir áitiúla (137)

   Ceantair Bhardasacha (95)

   Cúigí (4)

   Údaráis Réigiúnacha (8)

   Lonnaíochtaí (846)

   Ceantair Bheaga (18,641)

 

 

  • In 2013, d’aithin an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha an Achta Gaeltachta, 2012. Faoin Acht, tá próiseas ar siúl i láthair na huaire chun an Ghaeltacht mar a bhí go dtí seo a athainmniú mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis an bpobal áitiúil i ngach ceann den 26 limistéar. Tá tuilleadh eolais faoi seo ar fáil ar shuíomh Údarás na Gaeltachta www.udaras.ie/ceisteanna-coitianta/.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1
  • Go dtí seo i mbliana, tá dhá Thuarascáil Achoimre foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina léirítear chéadtorthaí gach réimse a clúdaíodh i nDaonáireamh 2016, mar aon le trí thuarascáil théamach ina ndírítear go mion ar ábhair aonair. Foilseofar an chéad phróifíl théamach eile, Próifíl 4 – Líonta Tí agus Teaghlaigh1 Déardaoin an 27 Iúil ag 11.00rn. Beidh seacht tuarascáil théamach eile ag teacht amach idir sin agus deireadh na bliana. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe iomlán ar http://www.cso.ie/shorturl/459 agus tá na tuarascálacha a foilsíodh go dtí seo le feiceáil ar http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh.

 

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brendan Murphy (+353) 1 895 1305 nó Saincheisteanna Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --