Skip navigation

06 Iúil 2017

Próifíl 3 - Próifíl Aoise na hÉireann

 

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Próifíl 3 – Próifíl Aoise na hÉireann inniu, an tuarascáil is déanaí i sraith de thuarascálacha téamacha ar Dhaonáireamh 2016. Tá aois mheánach dhaonra na hÉireann ag dul in airde i gcónaí; figiúr de 37.4 mbliana a bhí ann in Aibreán 2016, 1.3 bliain ní b’airde ná an aois mheánach in 2011. I measc na buaicphointí eile ann, tháinig laghdú ar líon na naíonán faoi aois scoile (0-4 bliana) agus an líon daoine san aos óg fásta (19-24 bliana) ó 2011 ar aghaidh.

 

Ag labhairt faoi fhoilseachán an lae inniu, deir Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach; “Déantar scagadh sa tuarascáil théamach seo ar mhiondealú aoise dhaonra na hÉireann agus ar thréithe na haoisghrúpaí éagsúla de réir ceantair, chineál cóiríochta agus chomhdhéanamh líon tí. ’Sí cuspóir na tuarascála seo cur leis na torthaí a foilsíodh i dTorthaí Achoimre Cuid 1 níos luaithe i mbliana maidir le comhdhéanamh aoise agus inscne an daonra chun léargas níos cuimsithí a chur ar fáil faoi gach aon aoisghrúpa in Éirinn tráth an daonáirimh in Aibreán 2016.”

 

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Daonáireamh 2016: Próifíl 3 – Próifíl Aoise na hÉireann

 

Buaicphointí de Dhaonáireamh 2016, Próifíl 3 – Próifíl Aoise na hÉireann

 

Táimid ag dul in aois
Tá daonra na hÉireann ag dul in aois go síoraí seasta ó na 1980idí i leith. I nDaonáireamh 2016, bhí sciar  37.2% den daonra 45 bliana d’aois nó níos sine, i gcomórtas le 34.4% sa bhliain 2011 agus 27.6% siar i 1986. Bhí beagnach aon trian (33.2%) den daonra faoi bhun 25 bliana d’aois anuraidh, agus sciar 29.5% san aoisghrúpa 25-44.

 
Struchtúr Aoise
Tá Pirimidí Aoise Idirghníomhacha ar fáil i leith gach contae riaracháin agus léiriú beoga a thugtar iontu ar an éagsúlacht i bpróifíl aoise an daonra ó chontae go contae. Feictear go soiléir an tionchar a imríonn na coláistí tríú leibhéal, mar shampla, ar an dream idir 18 agus 22 bhliain d’aois agus iad iompaithe go dtí na cathracha agus na bailte móra chun tabhairt faoin ardoideachas.

 
Aois mheánach ag dul in airde
Bhí aois mheánach de 37.4 mbliana sa tír iomlán in 2016 agus léirítear sna torthaí go ndeachaigh an aois mheánach i ngach chontae in airde. Is ag Ciarraí agus ag Maigh Eo araon a bhí an aois ab airde (40.2 bliain) agus taifeadadh an aois ab ísle i bhFine Gall (34.3 bliana). Feictear difríocht shoiléir idir tuath agus baile le muintir na tuaithe 2.4 bhliain ní ba shine ar an meán ná daoine i gceantair uirbeacha. Tá méadú 0.5 bliain tagtha ar an mbearna seo ón daonáireamh deireanach. Ina theannta sin, bhí aois mheánach 1.3 bliain ní b’airde ag baineannaigh ná ag fireannaigh sa tír in 2016.

 
Fás ar spleáchas aoise
Tháinig méadú ar spleáchas aoise, a meastar mar an líon daoine óga (0-14 bliana) agus daoine aosta (65 bliana agus os a chionn) mar chéatadán d’iomlán an daonra in aois oibre (15-64 bliana), ó 49.3% in 2011 go 52.7% in 2016. Is sa chatagóir aoise de 65 bliana agus os a chionn a tharla an t-athrú is suntasaí; méadú de 102,174 daoine ó bhí 2011 ann. Is ionann seo agus breis is dhá oiread den mhéadú 44,477 daoine san aoisghrúpa 15-64 bliana sa tréimhse céanna.

 
Bailte ba shine agus b’óige
I measc na mbailte móra (.i. cinn le daonra de 10,000 nó ní ba mhó), bhí Cill Airne mar an baile ba shine, agus aois mheánach de 40.9 bliain ann, le baile Loch Garman sna sála air (39.4 bliana). Ar an taobh eile de, feictear na haoiseanna meánacha ab ísle sa tír i mBaile Brigín (30.8 bliain) agus i Maigh Nuad (31.9 bhliain).

 

Aoisghrúpaí

0-4 bliana
Titim 7% a tháinig ar an líon naíonán faoi bhun aois scoile go 331,515 faoi Aibreán 2016. Feictear ardú suntasach ar an líon naíonán ag maireachtáil in árasáin, é méadaithe 25.4% ón mbliain 2011 go 31,755 san iomlán.

 
5-12 bhliain
Bhí iomlán de 548,693 páistí in aois na bunscoile sa tír in 2016, méadú 8.8% san aoisghrúpa ó Aibreán 2011.  Anuraidh, bhí gar do thriúir as gach deichniúr (30.7%) den aoisghrúpa seo, nó 168,449 páistí, ag cur fúthu i gcóiríocht ar cíos, méadú ar an sciar 28.7% cúig bliana roimhe. 

 
13-18 mbliana
Taifeadadh 371,588 daoine idir 13 agus 18 mbliana d’aois in Aibreán 2016, fás 7.7% ó bhí 2011 ann.  Bhí 3.9% de na déagóirí san aoisghrúpa ina gcónaí in árasáin anuraidh.

 
19-24 bliana
Tháinig titim 6.5% ar an líon daoine san aos óg fásta (19-24 bliana) idir 2011 agus 2016 go 331,208 daoine.

 
25-64 bliana
Áiríodh 2,541,294 daoine san aoisghrúpa seo, méadú de 48,275 daoine ó 2011.

 
65 bliana agus os a cionn
Chonacthas an méadú daonra ba mhó ar thorthaí 2011 san aoisghrúpa seo, le 102,174 daoine breise nó 637,567 daoine san iomlán (méadú 19.1%). Taifeadadh 456 daoine os cionn céad bliain d’aois anuraidh, méadú 17.2% ar an daonáireamh deireanach. Is i líonta tí príobháideacha a bhí 577,171 daoine den aoisghrúpa seo ag maireachtáil, méadú 19.6% thar tréimhse cúig bliana. Ina theannta sin, méadú 1,960 a tháinig ar an líon daoine i dtithe altranais; 22,762 daoine a bhí iontu san iomlán.

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Is féidir teacht ar an tuarascáil iomlán ar shuíomh gréasáin na hOifige ar www.cso.ie/en/baile/daonaireamh mar aon leis na sraitheanna sonraí ábhartha. Tá fáil ar na sonraí seo i raon táblaí idirghníomhacha gréasáin; formáid trína bhféidir leis an úsáideoir na sonraí a bhfuil spéis aige/aici iontu a roghnú, saintáblaí a dhéanamh díobh seo agus na táblaí a íoslódáil chun a (h)anailís féin a dhéanamh orthu.
  • Trí chomhoibriú leis an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, tá fáil ar shonraí achoimre daonáirimh i léarscáileanna téamacha ag leibhéal na Toghroinne (ED) agus leibhéal an Cheantair Bhig (SA). Tá teacht orthu seo ó shuíomh gréasáin na hOifige.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1
  • Tá an tuarascáil seo, Próifíl 3 – Próifíl Aoise na hÉireann, mar an tríú thuarascáil i sraith de aon phróifíl dhéag théamacha de thorthaí Dhaonáireamh 2016. Ina dteannta seo, tá dhá Thuarascáil Achoimre foilsithe faoin ama seo ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina léirítear chéadtorthaí gach réimse a clúdaíodh sa daonáireamh. Foilseofar an chéad phróifíl théamach eile, Próifíl 4 – Líonta Tí agus Teaghlaigh1 ar an 27 Iúil. Sna tuarascáil eile atá le teacht díreofar ar dhaoine gan dídean; imirce agus éagsúlacht; oideachas, scileanna agus an Ghaeilge i measc ábhar eile. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe iomlán anseo agus tá na tuarascálacha a foilsíodh go dtí seo le feiceáil ar http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh.

 

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brendan Murphy (+353) 1 895 1329 nó Census Enquiries (+353) 1 498 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --