Skip navigation

Saothar de chuid Eurostat é Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidrimh (NUTS), a bhfuil sé mar sprioc leis aonaid chríche a shainiú chun ábhair staidrimh réigiúnacha a tháirgeadh i leith an Aontais Eorpaigh trí chéile. Sa bhliain 2003, cruthaíodh an t-aicmiú NUTS faoi chreat dlí i Rialachán (CEE) Uimh. 1059/2003.

Os rud é go bhfuil an t-aicmiú NUTS bunaithe ar mhiondealú de chríocha riaracháin Bhallstáit an AE, rinneadh leasú ar réigiúin NUTS 2 agus NUTS 3 na hÉireann de thoradh athruithe ar struchtúir riaracháin faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014. I measc na hathruithe seo, bhí cónascadh na n-údarás áitiúla i dTiobraid Árann (Thuaidh agus Theas), i Luimneach (Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae) agus i bPort Láirge (Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae). I dteannta an méid sin, bunaíodh trí Thionól Réigiúnacha (Tuaisceart agus Iarthar, Deisceart, Oirthear agus Lár Tíre).

Is iad na hathruithe príomha ag leibhéal NUTS 3 ná aistriú Thiobraid Árann Theas as Oir-Dheisceart go dtí an Lár-Iarthar agus aistriú Lú as réigiún na Teorann go dtí an Lár-Oirthir. Tá trí réigiún NUTS 2 anois, arb ionann a n-achar agus réimse na dTionól Réigiúnacha a mbunaíodh faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 agus atá cuimsithe de roinnt réigiún NUTS 3. Tugadh stádas dlíthiúil don leasú ar na teorainneacha NUTS faoi Rialachán ón gCoimisiún (AE) 2016/2066. Tá struchtúr agus aicmiú nua NUTS 2 agus NUTS 3 ar thaispeáint sa tábla thíos.

 

Cód NUTS 2 Ainm NUTS 2 Cód NUTS 3 Ainm NUTS 3  Contae
IE04 Tuaisceart agus Iarthar IE041 An Teorainn Dún na nGall
Sligeach
Liatroim
An Cabhán
Muineachán
IE042 An tIarthar Gaillimh
Maigh Eo
Ros Comáin
IE05 Deisceart IE051 Lár-Iarthair An Clár
Tiobraid Árann
Luimneach
IE052 Oirdheisceart Port Láirge
Cill Chainnigh
Ceatharlach
Loch Garman
IE053 Iardheisceart Corcaigh
Ciarraí
IE06 Oirthear agus Lár Tíre  IE061 Baile Átha Cliath Baile Átha Cliath
IE062 Lár-Oirthir Cill Mhantáin
Cill Dara
An Mhí
IE063 Lár na Tíre An Longfort
An Iarmhí
Uíbh Fháilí
Laois