Skip navigation

Staitisteoir Sinsearach

Tá deireadh le tréimhse iarratais an phoist seo.

Is oifig neamhspleách í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a bhfuil de mhandáid aici faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus coinníollacha eacnamaíochta, sóisialta agus ginearálta sa Stát a bhailiú, a chur i dtoll a chéile, a asbhaint agus a scaipeadh chun críocha staidrimh.

Príomhchúram de chuid an CSO is ea timpeallacht oibre fhorásach agus ghairmiúil a choinneáil agus a fhorbairt, ina gcothaítear nuálaíocht agus a bhfuil caidrimh láidre oibre náisiúnta agus idirnáisiúnta mar bhonn aici.

Táimid sa tóir anois ar dhaoine fuinniúla don ról Staitisteoir Sinsearach, ar grád ardbhainistíochta é sa CSO (Baile Átha Cliath). Beidh an t-iarratasóir inmhianaithe ar thús cadhnaíochta i dtaobh caighdeáin seachadta seirbhíse agus feidhmíochta ar fud na heagraíochta a shocrú agus a fheabhsú. Anuas ar fhreagrachtaí staidrimh, beidh freagrachtaí straitéiseacha, feidhmíochta agus acmhainní daonna orthu agus beidh siad i mbun comhordú le Ranna agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Beidh cáilíocht Leibhéal 8 (2H1 nó níos airde) ar a laghad nó cáilíocht chomhionann ag na hiarratasóirí a n-éireoidh leo ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a bheidh inghlactha ag an CSO i ndisciplín a bhfuil gné shuntasach uimheartha mar chuid di amhail Staidrimh, Matamaitic, Eacnamaíocht, Ríomheolaíocht, Córais Faisnéise Geografaí, Innealtóireacht Sonraí, Eolaíocht Sonraí nó Anailís Sonraí etc;

chomh maith le

cúig bliana de thaithí ábhartha ardbhainistíochta ar a laghad

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ról, ar riachtanais an duine agus mar is féidir iarratas a dhéanamh air, téigh chuig:

https://csocareers.thehirelab.com/LiveJobs/JobApply/4825?source=1&externalAgency=-1

Is é an data deiridh chun iarratais a fháil ná 17 Samhain 2023 ag 3pm

Tá an CSO tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas ar fad a bhaineann leis an Acht um Chomhionannas Fostaíochta.