Tá daoine fuinniúla éirimiúla á lorg ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun a bheith páirteach i gClár Céimithe na hOifige in 2019/2020 agus tá deiseanna againn sna réimsí a leanas:
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) lonnaithe ar thrí láthair, le ceanncheathrú i gCorcaigh agus dhá fhoirgneamh i nBaile Átha Cliath, ceann i Ráth Maoinis agus ceann eile i Sord.
Féadfar céimithe a cheaptar de thoradh an chomórtais seo ar feadh tréimhse shainithe (tréimhse íosta de 6 mhí agus ní níos mó ná 11 mhí) chun obair staitistiúil a dhéanamh don Oifig nó thar ceann Ranna Rialtais/Gníomhaireachtaí Stáit eile faoi bhrat Chóras Staidrimh na hÉireann.
Tá tuilleadh sonraí le fáil sa bhFoirm Iarratais agus san Leabhrán Eolais atá nasctha anseo thíos.
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le Margaret O’Mahony ar +353 21 453 5769 nó trí ríomhphost chuig graduateplacement@cso.ie
Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 12 meánlae Dé Céadaoin an 24 Aibreán 2019
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar na naoi mbonn uile atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.