Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.
Ba é Droichead Átha i gContae Lú an baile leis an daonra is mó sa Stát, agus áiríodh 44,135 duine ansin in 2022.
I nDaonáireamh 2022, bhí 49 baile ina raibh daonra os cionn 10,000 duine.
I measc na mbailte ina raibh daonra de 1,500 – 10,000 duine, ba é Teach Sagard i mBaile Átha Cliath an baile leis an daonra ab óige, áit a raibh meánaois 30.4 bliain agus ba iad Béal Átha Seanaidh i nDún na nGall agus Daingean Uí Chúis i gCiarraí na bailte leis an daonra ba shine, áit a raibh meánaois 44.4 bliain.
As na bailte ina raibh daonra 10,000 nó níos mó, ba é Baile Brigín i mBaile Átha Cliath an baile leis an daonra ab óige, áit a raibh meánaois 33.6 bliain agus ba é Cluain Meala i dTiobraid Árann an baile leis an daonra ba shine, áit a raibh meánaois 40.8 bliain.
Is é seo an chéad uair le 171 bliain de thaifid daonáirimh a raibh daonra breis is cúig mhilliún i limistéar an Stáit. Níl ach cúig chontae den sé cheann is fiche ina raibh daonra níos mó sa mbliain 2022 le hais mar a bhí in 1851: Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, an Mhí, agus Lú.
Bhí beagnach triúir as cúigear den 5.1 milliún duine a raibh cónaí orthu sa stát in Aibreán 2022 ag cur fúthu i gcontae a mbreithe. Ba i gCorcaigh a bhí an céatadán ab airde de chónaitheoirí a rugadh sa chontae céanna (72%). Ba i gcontae na Mí a bhí an céatadán ab ísle de chónaitheoirí a rugadh sa chontae úd (32%).
Sa 12 mhí roimh an daonáireamh, bhog 265,098 duine a raibh cónaí orthu cheana féin sa stát go háit chónaithe eile laistigh de. Astu sin, bhog 29% go contae eile.
As na 112,548 líon tí a bhog áit chónaithe sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022, bhog 61% isteach i dteach/árasán ar cíos, 23% chuig teach/árasán faoi úinéireacht le morgáiste nó iasacht agus 11% chuig teach/árasán a ceannaíodh gan mhorgáiste ná iasacht.
Trácht an Staitisteora
Tá an foilseachán Daonáireamh 2022 Próifíl 1 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 29 Meitheamh 2023). Is é seo an chéad cheann i sraith d’ocht bpróifíl théamacha a chuirfidh torthaí mionsonraithe ar fáil faoi réimsí áirithe de Dhaonáireamh 2022. Tá Próifíl 1 dírithe ar dháileadh an daonra i measc bhailte agus chathracha an stáit, an áit a rugadh gnáthchónaitheoirí gach contae, agus gluaiseachtaí daonra go dtí gach contae, ó gach contae agus go hinmheánach i ngach contae ó bhí an bhliain 2016 ann.
Déanann an Dr. Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh, trácht ar na torthaí:
“Agus Próifíl 1 á foilsiú againn, táimid ag déanamh cíoradh níos mine ar chuid de na hábhair a cuireadh ar fáil sna Torthaí Achoimre a tháinig amach an mhí seo caite. Áirítear i dtuarascáil an lae inniu mionsonraí faoi dháileadh an daonra i ngach contae agus i mbailte agus i gcathracha an stáit, faoi phróifíl aoise an daonra atá iontu agus faoin méid daoine a bhog isteach go dtí gach contae, ó gach contae agus go hinmheánach i ngach contae ó bhí Daonáireamh 2016 ann. Cuirtear faisnéis ar fáil freisin faoi stádas tionachta agus cineálacha cóiríochta na ndaoine nuabhogtha (.i. cibé an bhfuil a gcóiríocht féin acu nó cóiríocht ar cíos, nó ar bhog siad isteach i dteach nó árasán). Beidh an fhaisnéis seo ar an leibhéal áitiúil thar a bheith luachmhar d’údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí, grúpaí pobail agus áitiúla agus tá an fhaisnéis mar chuid thábhachtach den léargas ar an ndaonra atá á chur ar fáil le torthaí Dhaonáireamh 2022. Leanfaidh muid orainn ag cur tuilleadh mionsonraí agus anailís ar fáil sna próifílí atá fanta le linn an chuid eile den bhliain.
Dáileadh Daonra
D'fhan an 10 mbaile is mó sa Stát beagnach mar an gcéanna i gcomparáid leis na lonnaíochtaí in 2016. Tá Nás na Ríogh, áfach, luaite ar liosta na 10 mbaile is mó anois, agus níl Droichead Nua ann a thuilleadh. In 2022, luaitear Dún Dealgan mar an dara baile is mó sa Stát in áit Soird.
I gCúige Laighean a bhí na cúig bhaile ba mhó sa Stát: Droichead Átha, Dún Dealgan, Sord, An Uaimh agus Bré. Ba iadsan freisin na haon chinn le daonra níos mó ná 30,000 duine.
Ba é Inis i gContae an Chláir, áit a raibh daonra 27,923 duine, an baile ba mhó i gCúige Mumhan. Ba é Leitir Ceanainn, áit a raibh daonra 22,549 duine, an baile ba mhó sna trí chontae de Chúige Uladh sa stát seo. Sligeach, áit a raibh daonra 20,608, ab ea an baile ba mhó i gConnachta.
In 2022, bhí deich mbaile ann ina raibh daonra 10,000 duine nó níos mó agus a raibh meánaois níos lú ná 36 bliain acu. Bhí 80% de na bailte sin leis an daonra ab óige i mBaile Átha Cliath nó i gcontaetha comaitéireachta amhail an Mhí, Cill Dara agus Laois. Ba iad na bailte ba mhó le daonra níos sine ná Bré, Trá Lí, Loch Garman, Sligeach, Cluain Meala, Cill Chainnigh agus Mullach Íde; bhí meánaois os cionn 39 bliain ag na bailte sin go léir.
Le 181 bliain anuas idir 1841 agus 2022, tháinig méadú ar dhaonra Bhaile Átha Cliath i ngach tréimhse idirdhaonáirimh seachas i dtréimhse amháin (1861 go 1871). Níor taifeadadh méadú daonra i bhformhór na gcontaetha eile go dtí na 1960í agus na 1970í.
In 2022, bhí daonra an Stáit os cionn a chomhionann in 1851. Mar sin féin, bhí cuid de na contaetha ba mhó daonra 171 bliain roimhe sin fós gan a bheith fillte ar an méid céanna daoine faoi Dhaonáireamh 2022. Bhí daonra Chorcaí 10% níos ísle in Aibreán 2022, bhí líon na gcónaitheoirí i nGaillimh anuraidh 14% níos lú ná mar a bhí in 1851, bhí daonra Thiobraid Árann 49% níos ísle agus bhí 50% níos lú daoine ina gcónaí i Maigh Eo in 2022 ná mar a bhí 171 bliain roimhe.
Áit bhreithe
Bhí beagnach 60% den 5.1 milliún duine a raibh cónaí orthu sa Stát ina gcónaí i gcontae a mbreithe. I gCorcaigh a bhí an céatadán ab airde de dhaonra gnáthchónaithe ar fad a rugadh agus a raibh cónaí orthu sa chontae céanna (72%). I gcodarsnacht leis sin, in 2022 ní raibh ach 32% de chónaitheoirí na Mí a rugadh sa chontae sin.
As na 4,067,422 cónaitheoir a rugadh in Éirinn, bhí cónaí ar 74% sa chontae inar rugadh iad.
Ba iad na cónaitheoirí ba shine (65 bliain d'aois nó os a cionn) agus na cónaitheoirí ab óige (faoi 15 bliana d'aois) na daoine ba mhó a raibh cónaí orthu sa chontae inar rugadh iad. Thar lear a rugadh duine as gach cúigear a raibh gnáthchónaí orthu sa stát tráth an daonáirimh anuraidh; ba mhéadú é seo ó 17% in 2016. I mBaile Átha Cliath a bhí an céatadán ab airde de chónaitheoirí a rugadh i dtír eile (25%). Ba san aoisghrúpa 25-44 a bhí an céatadán ab airde cónaitheoirí a rugadh i dtír eile (32%).
Imirce Inmheánach
Tá eolas maidir le himirce inmheánach (gluaiseachtaí laistigh den tír) bunaithe ar áit ghnáthchónaithe bliain roimh an daonáireamh agus baineann sé le daoine atá aon bhliain d’aois agus níos sine amháin. Sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022, bhog 265,098 duine áit chónaithe laistigh den stát, agus bhog 29% díobh sin go contae eile. Ba iad na daoine a raibh cónaí orthu i Ros Comáin an bhliain roimh an daonáireamh agus a bhog áit chónaithe an dream ba mhó a bhog go contae eile (46%). Ba iad na cónaitheoirí i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath 12 mhí roimhe sin ba lú a bhog amach as a gcontae (bhog 18% agus 23% cónaitheoirí, faoi seach, go contae eile).
Ba é 26 bliain an aois ag ar dócha go mbogfadh cónaitheoirí go háit nua, agus 15% d'iomlán daoine ag an aois seo tar éis bogadh sa 12 mhí roimh an daonáireamh.
I measc na líonta tí nuabhogtha sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022, bhog 61% isteach i dteach/árasán ar cíos, 23% chuig teach/árasán a bhí faoi úinéireacht le morgáiste nó iasacht agus 11% chuig teach/árasán a bhí faoi úinéireacht iomlán.
Ó thaobh cineál cóiríochta de, bhí sé ní ba choitianta ag líonta tí i gcóiríocht ar cíos a bheith bogtha isteach in árasán (49%) ná haon dream eile. Beagnach 70% de líonta tí nuabhogtha go cóiríocht mar úinéirí le morgáiste nó iasacht, bhog siad isteach i dteach scoite nó leathscoite. Roghnaigh 52% de líonta tí a bhog isteach i gcóiríocht mar úinéirí glan amach (.i. gan mhorgáiste nó iasacht) chuig teach scoite.
Nóta Buíochais
Ní bheadh sé ar ár gcumas torthaí Dhaonáireamh 2022 a thiomsú ná a fhoilsiú murach an fhreagairt thar a bheith dearfach a fuaireamar ón bpobal agus gabhaimid buíochas le gach duine a líon amach a bhfoirm dhaonáirimh ar an 03 Aibreán 2022. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le gach duine a raibh baint acu le feachtas agus obair allamuigh Dhaonáireamh 2022.”