Skip navigation

Fill ar an Leathanach Nuacht is Déanaí

 

4 Deireadh Fómhair 2007

Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 9 - An Ghaeilge. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann leis an nGaeilge ag leibhéal sonraithe geografach.

  • Chuir beagnach 1.66 milliún duine in iúl go bhfuil Gaeilge acu - beagnach 42% den daonra. Ach, ní labhraíonn 60% díobh seo í ach go hannamh, labhraíonn siad riamh an teanga.
  • Labhraíonn beagnach 57% de na gaeilgeoirí a bhfuil cónaí sa Ghaeltacht orthu an Ghaeilge go laethúil ach bhí beagainín os cionn 38% díobh sin á labhairt taobh istigh den chóras oideachais amháin.
    Bhí gaeilgeoir amháin ar a laghad i 53.4% de theaghlaigh phríobháideacha, sa Ghaeltacht bhí an figiúr seo chomh hard le beagán os cionn 80%.
  • Tá an céatadán is airde de ghaeilgeoirí sa Daingean ag 62.3%.
  • Múinteoirí (78%) , Gardaí (74%) agus an Chléir (59%) is mó a bhfuil sé ar a gcumas Gaeilge a labhairt.


Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis a íoslódáil:

 

20 Meán Fómhair 2007

Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 8 - Gairmeacha. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann le gairmeacha ag leibhéal cuimsitheach geografach.
Is iad seo a leanas príomh chinn línte an imleabhair seo:

  • Tá an rannpháirtíocht is airde sa lucht oibre ag oibrithe ón 10 Stáit nua san AE
  • Ardú mór i ngairmeacha a bhaineann leis an tógáil
  • Tá an líon is airde oibrithe cléireachais i mbailte timpeall ar Bhaile átha Cliath
  • Meath leanúnach i ngairmeacha déantúsaíochta
  • Mullach íde ag barr an scála soch-eacnamaíoch

Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis iomlán a íoslódáil:

 

6 Meán Fómhair 2007

Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 7 - Príomhstádas Eacnamaíoch agus Tionscail. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann le príomhstádas eacnamaíoch, rannpháirtíocht sa lucht oibre, fostaíocht agus tionscail ag leibhéal sonraithe geografach.
Is iad seo a leanas príomh chinn línte an imleabhair seo:

  • Rannpháirtíocht sa lucht oibre is airde i Sord
  • Dífhostaíocht is airde i mBéal an átha
  • Céatadán is airde d'oibrithe óstáin i gCill áirne
  • Fir is mó atá ag plé leis an tógáil
  • Rugadh os cionn aon trian d'oibrithe Turasóireachta thar lear

Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis iomlán a íoslódáil:

 

16 Lúnasa 2007

Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 6 - Tithíocht. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann le tithíocht, cineál sealbhaíochta, cíos &rl. ag leibhéal sonraithe geografach.

  • Mór thógáil tithe i bhFine Gall agus i gCo na Mí
  • Méadú leanúnach in áitribh phríobháideacha ar cíos
  • Ardú ar líon na n-áitreabh cónaithe níos lú
  • Difríocht mhór i rochtain ar an mbanda leathan
  • Tithe aonair iad an cheathrú chuid d'áitribh chónaithe príobháideacha
  • áitribh fholamha iad 15% den stoc iomlán tithíochta

Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis iomlán a íoslódáil:

 

26 Iúil 2007

Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr (Lucht Taistil na héireann san áireamh). Tá torthaí ar fáil san imleabhar seo a bhaineann le cúlra eitneach nó le cultúr na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí sa Stát orthu, Lucht Taistil na héireann san áireamh, agus clúdaíonn sé na príomhcheisteanna déimeagrafacha agus socheacnamaíocha ar déanadh idirdhealú orthu sa dhaonáireamh.

Is iad seo a leanas na cinnlínte ó Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr (Lucht Taistil na héireann san áireamh):

  • Seisear as gach deichniúr de phobal áiseach na héireann ina gcónaí i mBaile átha Cliath
  • Rugadh níos mó ná duine amháin Dubh nó Dubh éireannach as gach ceathrar in éirinn
  • An céatadán is airde daoine Dubha nó éireannacha Dubha i gCo Lú 
  • Caitlicigh don chuid is mó iad na pobail eitneacha éagsúla 
  • Proifíl aoise níos óige ag Lucht Taistil na héireann 
  • An céatadán is airde de Lucht Taistil na héireann i dTuaim 
  • Le tuilleadh eolais a fháil is féidir an preas ráitis ina iomlán a íoslódáil

Preas Ráitis Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr

Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr (Lucht Taistil na héireann san áireamhéarla)

 

12 Iúil 2007

Foilsíodh inniu Imleabhar 4 Daonáireamh 2006 - Gnátháit Chónaithe, Imirce, áiteanna breithe agus Náisiúntacht. Tugann an t-imleabhar seo sonraí maidir le gnátháit chónaithe, patrún imirce, áit bhreithe agus náisiúntacht ag leibhéal sonraithe geografach.

Is iad seo a leanas cinnlínte ó Imleabhar 4 - Gnátháit chónaithe, Imirce, áiteanna Breithe agus Náisiúntacht 

  • Tá an céatadán is airde náisiúnaigh neamh-éireannacha i mBaile átha Cliath
  • Ceathrar i ngach deichniúr ina gcónaí i nGort Inse Guaire ina náisiúnaigh
    neamh-éireannacha
  • Níos mó teaghlaigh de náisiúntacht meascaithe
  • Daoine ógá singil iad formhór na n-inimirceach
  • Beirt as gach triúr ina gcónaí i gcontae a mbreithe

Le tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil an preas ráitis iomlán:

 

28 Meitheamh 2007

Foilsíodh inniu na Príomhthorthaí Socheacnamaíocha ó Dhaonáireamh 2006. Tugann an tuairisc seo na torthaí deireanacha don Stát ina iomlán maidir leis na hábhair socheacnamaíocha seo a leanas: Príomhstádas Eacnamaíoch, Rannpháirtíocht sa Lucht Oibre, Tionscail, Gairm Bheatha, Grúpa Socheacnamaíoch, Aicme Shóisialta, Cáilíochtaí Oideachais, Míchumas, Cúramaithe, Gníomhaíochtaí Deonacha agus úinéireacht Charranna agus Ríomhairí Pearsanta.

Is iad seo a leanas na cinnlínte ó Phríomhthorthaí Socheacnamaíocha 2006

  • Lucht Oibre suas 17.1% i gceithre bliana
  • Oibrí amháin as gach ochtar ina náisiúnach neamh-éireannach
  • Dífhostaíocht is airde i gCathair Luimní
  • Céatadán níos airde baineannaigh ag plé leis an oideachas
  • Duine i ngach cúigear le cáilíochtaí tríú leibhéil
  • Níos mó carranna agus úsáideoirí carranna
  • Formhór na ndaltaí bunscoile á dtiomáint chun na scoile
  • 9.3% den daonra faoi mhíchumas
  • Beagnach 161,000 cúramaithe
  • Duine i ngach seisear 15 bliana d'aois nó níos sine ag plé le hobair dheonach

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa phreas ráitis iomlán gur féidir a íoslódáil:

Preas Ráitis - Daonáireamh 2006 Príomhthorthaí Socheacnamaíochanó íoslódáil an    tuairisc:

Daonáireamh 2006 Práomhthorthaí Socheacnamaíocha

 

31 Bealtaine 2007

Daonáireamh 2006 - Imleabhar 3 - Comhdhéanamh an Teaghlaigh, Aonaid Chlainne agus Torthúlacht

  • An Teaghlach Clainne Traidisiúnta ag meath
  • Líon na dteaghlach le duine amháin iontu ag méadú
  • Titim leanúnach i meánmhéid an teaghlaigh
  • Lánúineacha in aon tíos an cineál clainne is tapaidh fáis
  • Níos lú leanaí fásta ina gcónaí in éineacht lena dtuismitheoirí

Preas Ráitis Imleabhar 3 - Comhdhéanamh an Teaghlaigh, Aonaid Chlainne agus   Torthúlacht

Daonáireamh 2006 Imleabhar 3 - Comhdhéanamh an Teaghlaigh, Aonaid Chlainne agus Torthúlacht

 

10 Bealtaine 2007

Daonáireamh 2006 - Imleabhar 2 - Aoiseanna agus Stádas Pósta

  • Coibhneas is airde daoine óga sna bailte i gcrios comaitéara átha Cliath
  • Céatadán níos airde daoine níos sine i gceantair tuaithe
  • Méadú mór i ndaoine san aoisghrúpa 25 go 44 bliana
  • Daoine colscartha an rannóg is tapaidh fáis faoin teideal ‘stádas pósta'
  • Gaillimh - Cathair na ndaoine singil

Preas Ráitis Imleabhar 2 - Aoiseanna agus Stádas Pósta

Imleabhar 2 - Aoiseanna agus Stádas Pósta

 

26 Aibreán 2007

Daonáireamh 2006: Imleabhar 1 - Daonra rangaithe de réir Ceantair

  • Cathracha ag cailliúint a sciar den daonra
  • Méadú mór sna bailte
  • éagsúlacht mhór i ndéanamh suas na nDáilcheantar
  • Líonmhaireacht daonra ard in átha Cliath, íseal i Liatroim

Preas RáitisDaonáireamh 2006: Imleabhar 1 - Daonra rangaithe de réir Ceantair

Imleabhar 1 - Daonra rangaithe de réir Ceantair

 

29 Márta 2007

Foilsítear inniu Príomhthorthaí Déimeagrafacha ó Dhaonáireamh 2006.

Tugann an tuairisc seo na torthaí deireanacha daonáirimh don Stát ina iomlán do na hábhair dhéimeagrafacha seo a leanas: aois, gnéas, stádas pósta, náisiúntacht, socruithe cónaithe, imirce, an Ghaeilge, creideamh, Lucht Taistil na héireann, cúlra eitneach agus cultúr chomh maith le tithíocht.

Beidh torthaí níos sonraithe do na hábhair seo agus na torthaí socheacnamaíocha ar fáil sna himleabhair ábhair agus na Staitisticí Daonra um Cheantar Beag a bheidh ar fáil as seo go ceann 9 mí mar atá leagtha síos inár gclár foilseacháin. Beidh na sonraí ar fad curtha ar fáil ag an am céanna ar shuíomh idirlín na POS.

Preas Ráitis - Príomhthorthaí Déimeagrafacha Daonáirimh 2006

Príomhthorthaí Déimeagrafacha Daonáirimh 2006

 

6 Feabhra 2007

Is féidir amchlár d'fhoilseacháin torthaí an Daonáirimh 2006 a fheiceáil thíos.

Sceideal molta d'fhoilseacháin 2006