Skip navigation

11 Bealtaine 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra

 

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an dara thuarascáil théamach as 11 cinn inniu (11 Bealtaine 2017) ar thorthaí Dhaonáireamh 2016; Próifíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra.

Tá réimse de tháblaí mionsonraithe i dteannta na tuarascála seo a bhaineann le daonra de réir ceantair, iad foilsithe ar shuíomh gréasáin na hOifige. Sna táblaí seo tugtar figiúirí daonra i leith gach lonnaíocht sa tír mar a bhí i 2016 agus i 2011.

Ag tagairt don tuarascáil, deir Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach: “Tugtar eolas i bPróifíl 2 maidir le dáileadh an daonra, athruithe sa daonra uirbeach agus i ndaonra na tuaithe, dlús daonra agus imirce inmheánach sa tír. Is í seo an dara ceann dár bhfoilseacháin théamacha daonáirimh agus tugtar léargas nach beag ann ar na hathruithe atá tagtha ar an daonra le cúig bliana anuas.”

Tá teacht ar Phróifíl 2 anois ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh: Daonáireamh 2016: Próifíl 2 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra [EN]

 

Buaicphointí Phróifíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra

 

Uirbiú na tíre
In Aibreán 2016, bhí 44% de dhaonra uirbeach an Stáit ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, a fhad is a bhí 11% díobh ag cur fúthu i gCorcaigh. Ba i gContae Shligigh a chonacthas an t-ardú ba mhó ar sciar uirbeach an daonra, méadú ó 37% go 40% thar tréimhse cúig bliana. Áiríodh daichead is a haon baile sa Stát ina raibh daonra de 10,000 duine nó níos mó; 27 cinn i gCúige Laighean, 9 cinn i gCúige Mumhan, 3 cinn i gCúige Chonnacht agus 2 ceann sna trí chontae i gCúige Uladh. Bhí 62.7% den daonra náisiúnta ina gcónaí i gceantair uirbeacha in Aibreán 2016.

Ceantair Tuaithe
Bhí 37.3% den daonra ina gcónaí i gceantair tuaithe in Aibreán 2016. Tháinig an méadú daonra ba mhó sa tuath i gContae Chorcaí – 6,946 duine – agus an dara cheann ba mhó i gCill Dara ina bhfacthas méadú 4,025 duine ar an daonra tuaithe.

Bailte is mó agus bailte is mó fáis
Bhí Droichead Átha, ina raibh daonra de 40,956 duine (méadú 6.2% ó Aibreán 2011 i leith), fós mar an baile ba mhó in Éirinn. Tháinig Sord (39,248 duine) agus Dún Dealgan (39,004 duine) sna sála air sa dara agus sa tríú háit faoi seach. Bhí Inis (25,276 duine) fós mar an baile ba mhó i gCúige Mumhan. Ba é Sligeach an baile ba mhó i gConnacht le daonra de 19,199 duine agus Leitir Ceanainn (19,274 duine) a bhí mar bhaile príomha na trí chontae i gCúige Uladh. Chonacthas mionlaghdú i ndaonra an trí bhaile deireanacha seo ó bhí Aibreán 2011 ann.

Dlús Daonra
Ar bhonn náisiúnta, bhí 70 duine in aghaidh km2 ann in Aibreán 2016, méadú ar fhigiúir de 67 duine in aghaidh km2 i 2011. I 2016, bhí dlús meánach de 2,008 duine in aghaidh km2 ann i gceantair uirbeacha agus de 27 duine in aghaidh km2 i gceantair tuaithe. I 2011, bhí figiúirí comhionanna ann de 1,736 agus 26 faoi seach.

Maireachtáil i ngar don Chósta
Bhí 1.9 milliún duine, nó 40% den daonra, ina gcónaí faoi bhun 5 chiliméadar ón gcósta. Astu seo, bhí 40,000 duine ag cur fúthu níos lú ná 100 méadar ón gcósta ba chóngaraí.

Contae dúchais agus contae cónaithe
Rugadh 65.1% de dhaonra na Mí lasmuigh den chontae sin, an sciar ba mhó sa tír. Bhí an sciar ba lú ann i gCorcaigh (cathair agus contae) le díreach 25.5% de chónaitheoirí arbh as contae eile iad ó dhúchas. Bhí díreach 10% de dhaoine a rugadh i nDún na nGall ina gcónaí go seasmhach i gcontae eile.

Laghdú ar imirce inmheánach
D’aistrigh 263,551 gnáthchónaitheoir (1 bliain d’aois agus os a chionn) áit chónaithe i rith na bliana go hAibreán 2016, ísliú 3.5% ar fhigiúr na bliana 2011 (273,239 duine). Astu seo, bhog 94,182 duine amach as teach nó árasán lonnaithe i mBaile Átha Cliath. D’fhág 18,716 díobh seo slán leis an gcontae agus na cinn scríbe ba choitianta díobh ná Cill Dara, an Mhí agus Cill Mhantáin. Chonacthas titim 4% go 110,204 ar mhéid na líonta tí1 a bhog áit chónaithe i rith na bliana go Aibreán 2016, i gcomparáid le 2011.

Próifíl aoise lucht aistrithe tí
B’iad daoine idir 20 agus 34 bliana d’aois an dream ba shoghluaiste sa tír, iad mar sciar 45.7% de dhaoine a d’aistrigh áit chónaithe sa bhliain roimh an daonáirimh. Chuaigh an líon ba mhó daoine chun cónaí in áit nua in aois 28 sa bhliain 2016. Is ardú é seo ar an aois chomhionann, 25 bliana, i 2011. Chonacthas ísliú suntasach i measc daoine in aois 40 nó os a chionn sin; níorbh ach 21.6% d’iomlán an lucht aistrithe tí san aoisghrúpa seo.

 

Is féidir an tuarascáil iomlán (i mBéarla) a léamh ar an suíomh gréasáin: Daonáireamh 2016: Próifíl 2 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra [EN]

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1
  • Sainítear líon tí príobháideach mar dhuine aonair ag maireachtáil leo féin nó mar ghrúpa daoine (nár ghá dóibh a bheith gaolta) atá ag maireachtáil ag aon seoladh amháin le socruithe tís chomhchoiteanna – sin é le rá go mbíonn béile amháin i dteannta a chéile acu nó go mbíonn seomra suite á roinnt acu. Chun a bheith áirithe mar chuid den líon tí, níor mhór do dhuine a bheith ina gnáthchónaí san áit tráth an daonáirimh. Ar an mbonn sin, níor tógadh san áireamh aon chuairteoirí ar Oíche an Daonáirimh agus coinníodh san áireamh gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair go sealadach (tréimhse níos lú ná 12 mí).
  • Úsáidtear na téarmaí “Ceantar Comhiomlán Bailte” agus/nó “Ceantar Uirbeach” chun tagairt do lonnaíochtaí ina raibh daonra de 1,500 daoine nó ní ba mhó. Úsáidtear an téarma “Ceantar Comhiomlán Tuaithe” chun tagairt don daonra taobh amuigh de Cheantair Chomhiomláin Bailte lena n-áirítear lonnaíochtaí ina raibh daonra ní ba lú ná 1,500 daoine.
  • Tá úsáid á baint as cineál limistéir úr an “baile daonáirimh” do Dhaonáireamh 2016. Sainítear “baile daonáirimh” mar lonnaíocht ina raibh ar a laghad 50 aonad áitithe cónaithe, le fad nár mhó ná 100 méadar idir aon aonad cónaithe agus an foirgneamh ba chóngaraí dó, agus cruthúnas ann go raibh lárcheantar uirbeach sa lonnaíocht (m.sh. siopa, scoil, srl.). Cuireadh critéir foisceachta 100 méadar i bhfeidhm agus teorannacha na Bailte Daonáirimh mar a sainíodh i 2006 á nuashonrú chun aonaid áitithe cónaithe 100 méadar nó fad ní ba lú ó fhoirgneamh reatha sa bhaile a chur san áireamh. Cruthaíodh 26 baile daonáirimh nua bunaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2016.
  • Rinneadh teorannacha 80 Baile Dlíthiúla a chealú faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014. Gné eile den Acht, rinneadh limistéir riaracháin a chónascadh i Luimneach (cathair & contae), Port Láirge (cathair & contae) agus Tiobraid Árann (Thuaidh agus Theas).
  • Le dlús daonra, tomhaistear líon na ndaoine taobh istigh de cheantar geografach i gcomhréir le méid an cheantair sin.
  • Tá an tuarascáil seo, Próifíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra, mar an dara thuarascáil i sraith de aon phróifíl dhéag théamacha de thorthaí Dhaonáireamh 2016. Díreofar sna tuarascálacha eile ar théamaí éagsúla, ina measc siúd próifíl aoise na hÉireann; daoine gan dídean; an Lucht Siúil, eitneachas agus creideamh; agus sláinte, míchumas agus cúramóirí. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe anseo.

 

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brendan Murphy (+353) 1 895 1329 nó Saincheisteanna Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --